Tugtar Gleann na Claise Móire ar an trinse leanúnach geografach, thart ar 6,000 ciliméadair ar fad, a ritheann ó Ghleann Beqaa sa Liobáin, sa Mheánoirthear go dtí Mósaimbíc, sa taobh thoir theas den Aifric.[1] Baintear úsáid áirithe as an ainm i gcónaí, ach sa lá atá inniu ann meastar go bhfuil sé neamhchruinn ó thaobh na geolaíochta de, nó ní thugann sé aitheantas do na córais difriúla atá i gceist, gaolmhar is uile mar atá siad, mar shampla na córais scoilteanna agus córais na n-éasc.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachGleann na Claise Móire
Íomhá
CineálScoiltghleann Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Mór-roinnan Afraic Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 0°06′S 36°06′E / 0.1°S 36.1°E / -0.1; 36.1
Le cuid
Tréithe
Toisí4,830 (fad) km
Trasnaíonnan Eiritré, an Aetóip, Djibouti, an tSúdáin Theas, an Chéinia, Uganda, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Ruanda, an Bhurúin, an Tansáin, an Mhaláiv, Poblacht Mhósaimbíc, an tSaimbia agus an tSiombáib Cuir in eagar ar Wikidata

Sa lá atá inniu ann, is minic a bhaintear úsáid as an téarma le tagairt a dhéanamh do Chlais na hAfraice Thoir, teorainn plátaí dibhéirseacha a shíneann ó Chumar triarach na nAfarach ó dheas ar fud oirthear na hAfraice, agus é i mbun an phróisis scoilte Phláta na hAfraice ina dhá phláta nua ar leithligh. Tugann na geolaithe go ginearálta an Pláta Núibiach agus an Pláta Somálach ar na plátaí i mbéal forbartha.

Fairsinge theoiriciúil cuir in eagar

 
Íomhá satailíte de scoiltghleann (Gearmánais: graben) san Logán Afarach
 
Léaráid faoina bhfuil i ndán d' éabhlóid scoiltghleann chuig muir

I dtosach báire, glacadh leis gur shroich Gleann na Claise Móire ón Liobáin sa tuaisceart, go dtí Mósaimbíc sa deisceart, áit a raibh sé coibhéiseach le cheann den dá phroibhinse fhiseagrafach de chuid shléibhte na hAfraice Thoir. Chuimsigh sé an ceantar ar a dtugaimid inniu Claochlúchán na Mara Mairbhe sa Liobáin, Scoilt na hIordáine, Scoilt na Mara Rua agus Scoilt na hAfraice Thoir.[2]

Sa lá atá inniu ann glactar leis gur gnéithe ar leithligh iad na scoilteanna seo, cé go bhfuil siad bainteach lena chéile. Cruthaíodh iad 35 milliún bliain ó shin.

Féach freisin cuir in eagar

  • The Great Rift: Africa's Wild Heart, a BBC/Animal Planet production
  • Main earthquakes
    • 1837 Galilee earthquake
    • 2005 Lake Tanganyika earthquake
    • 2008 Lake Kivu earthquake

Tagairtí cuir in eagar

  1. Merriam-Webster, Inc 편집부 (1997). "MERRIAM WEBSTER'S GEOGRAPHICAL DICTIONARY 3/E(H)": 444. Merriam-Webster. Dáta rochtana: 22 November 2012. 
  2. "Ethiopia: the Bradt travel guide" (15 July 2009): 450. Bradt Travel Guides. Dáta rochtana: 22 November 2012. 

Further reading cuir in eagar

  • Africa's Great Rift Valley, 2001, ISBN 0-8109-0602-3
  • Tribes of the Great Rift Valley, 2007, ISBN 978-0-8109-9411-9
  • East African Rift Valley lakes, 2006, OCLC 76876862
  • Photographic atlas of the Mid-Atlantic Ridge Rift Valley, 1977, ISBN 0-387-90247-3
  • Rift Valley fever : an emerging human and animal problem, 1982, ISBN 92-4-170063-7
  • Rift valley: definition and geologic significance, Giacomo Corti (National Research Council of Italy, Institute of Geosciences and Earth Resources) – The Ethiopian Rift Valley, 2013, [1] Curtha i gcartlann 2019-11-20 ar an Wayback Machine