Is éard is gloine bhreochloiche[1][2] ann ná gloine throm chriostalta, a chuimsíonn luaidhe (Pb), an-áisiúil i gcomhair gearrtha is greanta, mar a dhéantar i monarchana gloine criostalta in áiteanna éagsúla in Éirinn. Tugadh isteach don fheidhm seo ar dtús í timpeall 1675, agus rinneadh na samplaí sin as breochloch mhionaithe in ionad gainimh, mar is gnáth anois. Is mó a comhéifeacht athraonta ná gloine chorónach (nach bhfuil luaidhe inti), agus mar sin is tábhachtach í i ndéanamh lionsaí comhshuite ceartaithe i gcomhair spéaclaí is eile.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “gloine bhreochloiche” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-01.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “flint glass — Aistriúchán Gaeilge ar flint glass (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-01-01.
  3. Hussey, Matt (2011). "Gloine bhreochloiche". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 322.