Gníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh Adamhaigh

Gníomhaireacht a chuireann forbairt is taighde ar fheidhmeanna síochánta an fhuinnimh núicléach chun cinn, agus a stiúrann córas dídine is rialúchán ar mhí-úsáid ábhar núicléach i gcomhair aidhmeanna míleata. Bunaíodh i 1957 í, agus tá a príomhoifig i Vín. Faoi 2011 bhí 151 ballstát inti. Bhuaigh sí Duais Nobel na Síochána, lena stiúrthóir ginearálta Mohamed ElBaredei, i 2005.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Gníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh Adamhaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 325.