Gort Inse Guaire

baile i gContae na Gaillimhe

Baile i ndeisceart Chontae na Gaillimhe in Éirinn is ea Gort Inse Guaire, nó, go hoifigiúil, An Gort.[1] Bhí cónaí ar 2,644 duine i nGort Inse Guaire ar lá an daonáireamh 2011. Cé go bhfuil sé ar an mbóthar idir Inis agus Gaillimh, níl mórán dul chun cinn tagtha ar an mbaile le 20 bliain anuas. Bhí monarcha feola ann sna nóchóidí, ina raibh buíon oibreoirí ón mBrasaíl, ach dhún sé cúpla bliain ó shin. Fanann tuairim agus 500 acu seo i gceantair an bhaile.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilGort Inse Guaire

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°03′58″N 8°48′42″W / 53.066°N 8.8118°W / 53.066; -8.8118
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla3.44 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde43 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistH53 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie19341

Cúpla míle ón mbaile atá an Chúil, áit a raibh an drámadóir Lady Gregory i dtús an 20ú Aois. Ó dheas ón mbaile, tá ceantar na Boirne i gContae an Chláir.

Tá sé suite i gcríocha Uí Fhiachrach Aidhne, ‘Maigh Aidhne’ mar a thugtar air chomh maith. Téann an logainm ‘Gort Inse Guaire’ i bhfad siar. ‘Gort’ is ea móinéar, is comhchiallach é ‘inse’ don fhocal ‘oileán’ agus tagann ‘Guaire’ ó Guaire Aidne Mac Colmáin, rí na Connachta agus pátrún ar Naomh Colmán Mac Duagh. Le linn na méanaoiseanna, bhí daingean ag na Seachnasaigh, clann a shíolraigh ó Guaire Aidhneach i nGort, ar shuíomh ina mbeadh beairic marcra níos déanaí. Ag deireadh na 17ú haoise, coigistíodh talamh Ó Seachnasaigh agus bronnadh é ar Sir Thomas Prendergast, an chéad bairnéad den bhaile. B’é John Prendergast Smyth, an chéad bíocunta i nGort, a gharmhac. Bhí an áit buailte go dona ag an Gorta Mór faoi lár an naoú haois déag agus tá teach na mbocht ón tráth úd fós le feicéail. Tá an-chuid láithreacha stairiúla suite timpeall na háite. Tá mainistir agus cloigtheach Chill Mhac Dua suite 3 ciliméadar ón mbaile. Tá Caisleán Rahaly suite 4.8 ciliméadar soir ón mbaile.

Osclaíodh stáisiúin traenach an bhaile ar an 15ú Meán Fómhair sa bhliain 1869 agus dúnadh é ar an 5ú Aibreán sa bhliain 1975.

Daoine cáiliúla cuir in eagar

Cheannaigh an file WB Yeats túrtheach Normannach i dTúr Bhaile Uí Laí, sráidbhaile trí chiliméadar ón mbaile, agus chuaigh sé á chónaí ann. Bhí sé an-chairdiúil le Lady Gregory agus thug sé cuairt ar a baile i bPáirc an Chúil atá suite in aice le príomhbhóthar na Gaillimhe, go rialta.

Inimirce cuir in eagar

De réir Dhaonáireamh 2006, níorbh saoránaigh de chuid na tíre seo ab ea 40% de chónaitheoirí an bhaile. B’as an mBrasaíl iad tromlach na ndaoine siúd. Tháinig na daoine seo ár dtús ag lorg oibre sna monarchana feola, áit ina raibh an pá níos airde ná an pá sa Bhrasaíl. Le linn an chúlú eacnamaíochta, chaill an-chuid díobh a bpostanna áfach, agus bhog go leor acu ar ais go dtí an Bhrasaíl. Faoin am an Daoináirimh sa bhliain 2011, ní raibh ach 27.5% de chónaitheoirí i nGort ó thíortha eile.

Tagairtí cuir in eagar