Gottlieb Daimler

fear gnó Gearmánach

Innealtóir, déantóir gluaisteán a rugadh i Schorndorf na Gearmáine ab ea Gottlieb Daimler (1834-1900). D'fheabhsaigh sé an t-inneall dócháin inmheánaigh ó 1872 ar aghaidh. Dhear is tháirg sé ceann de na gluaisteáin is luaithe a bhí oiriúnaithe don bhóthar (1885), agus chuir feabhas mór ar thionscal na ngluaisteán.

Infotaula de personaGottlieb Daimler

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith17 Márta 1834
Schorndorf (Cónaidhm na Gearmáine)
Bás6 Márta 1900
65 bliana d'aois
Bad Cannstatt (Impireacht na Gearmáine)
Áit adhlacthaUff-Kirchhof Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir eagraíochta Daimler Motors Corporation (en) Aistrigh
Comhbhunaitheoir Deutz AG
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stuttgart Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreInnealtóireacht mheicniúil
Gairminnealtóir, tionsclaí, cumadóir, fiontraí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis
Teaghlach
CéileEmma Daimler
Lina Schwend Cuir in eagar ar Wikidata
PáistePaul Daimler
 ( Emma Daimler)
Adolf Daimler
 ( Emma Daimler) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 63063140 Cuir in eagar ar Wikidata

Fuinteoir ab ea a athair. Níor dhalta iontach éirimiúil é Gottlieb Daimler nuair a bhí sé ar scoil. Bhí spéis ar leith aige, áfach, sa mheicnic. Tar éis go leor cur agus cúiteamh, tógadh as an scoil é agus chaith sé seal printíseachta le harmadóireacht.

Níorbh fhada go raibh clú agus cáil ar Daimler mar armadóir. Fuair sé post i monarcha mhór mionairm i Stuttgart. Ba ghearr go raibh sé ina Leasbhainisteoir sa mhonarcha seo. Ní raibh Daimler sásta go fóill, áfach. D'éirigh sé as a phost agus chaith sé trí bliana ar ceardscoil i Strassburg. Bhí post páirtaimseartha aige ar feadh an ama seo.

Chaith sé tréimhsí ag obair i Sasana, sa bhFrainc agus sa Bheilg le barrfheabhas a chur ar a chuid ceardaíochta. Fuair sé post ansin i gceann de na tionscail ba mhó sa Ghearmáin lena linn. Sa bhliain 1872, bhunaigh tionsclóir saibhir Gearmánach monarcha inneall. Roghnaigh sé Daimler agus tionsclóir cáiliúil eile, Nicolas Otto, Gearmánach, mar chomhairleoirí teicneolaíochta. D'éirigh le Daimler agus Otto inneall ceithre shorcóir a cheapadh. Ba é an t-inneall seo bunús an ghluaisteáin. Ní fhéadfadh an bheirt acu obair as lámh a chéile, áfach - amhail mar a tharla i gcás go leor eile d'intleachtóirí móra an domhain.

D'éirigh Daimler as an bpáirtíocht agus bhunaigh sé saotharlann dá chuid féin in Cannstatt. Mí na Nollag 1883, bhain sé paitinn amach ar inneall ardluais a oibreoidh ar bhiotáille.

Leagan simplí den inneall gluaisteáin atá againn sa lá atá inniu ann ba ea inneall Daimler. Ar shorcóir agus ar loine a oibríodh sé. Bhí dhá oscailt aeraithe sa sorcóir, ceann amháin acu chun an meascán d'aer agus gas a réiteach. Trín cheann eile a scaoiltí amach an gas ídithe.

Níorbh fhada go raibh sé ar chumas Daimler na hinnill seo a olltáirgeadh agus d'éirigh sé as feidhm a bhaint as biotáille agus chuaigh sé i mbun artola. Is mar sin a d'éirigh leis a chéad gluaisteán a chur i dtoll a chéile. Bhí na hinnill seo an-chosúil leis an "landaus" a bhaineadh feidhm astu ag an am ach níor ghá capaill chun iad a tharraingt.

Tháinig tuilleadh forbartha fós ar mhonarcha Daimler agus níorbh fhada go raibh gluaisrothair, báid innill agus riancharranna á ndéanamh. Rinneadh éadromáin fhaire fiú a oibríodh ar chumhacht an ghluaisteáin.

Faoin mbliain 1900 - go gairid sular cailleadh Daimler - bhí an chéad gluaisteán foirfe curtha ar fáil aige. Bhí an Mercedes, a léiríodh ag Aonach Pháras déanta de chruach agus bhí sé níb éadroma agus níba dheachumtha ná gluaisteán ar bith go nuige sin. Tháinig an-rath ar an Mercedes agus leathnaigh tionscal an ghluaisteáin ar fud an domhain.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Gottlieb Daimler". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 197.