Is éard atá i gceist le grúinseceol grúinse[1] (nó uaireanta feictear an téarma Fuaim Seattle sna meáin) ná fosheánra rac-malartaigh a tháinig ar an bhfód i lár na 1980idí i stát Washington in iarthuaisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus an réigiún mórthimpeall Seattle ach go háirithe. Meascann grúinse fuaimeanna ó phunc-rac, miotal trom agus rac neamhspleách le chéile, chun stíl nua a chruthú atá lán le giotáir troma agus a bhraitheann go mór ar an gcodarsnacht a chruthaítear le hathruithe tobann sa cheol. De ghnáth, bíonn frustrachas agus fuarchúis le cloisteáil sna liricí.

Thosaigh grúinse ag forbairt timpeall Sub Pop, lipéad ceoil neamhspleách ag deireadh na hochtóidí. Tháinig borradh mór i rath tráchtála an ghrúinse ag tús na 1990idí, le cabhair ó na ceirníní móra Nevermind le Nirvana agus Ten le Pearl Jam. An toradh a bhí ann ná fás mór i gcáil an rac-malartaigh, agus bhí grúinse ar an seánra den rac-cheol ba chlúití ag an am.

Ní raibh a lán de na bannaí ar a gcompord leis an borradh seo, áfach, agus dhiúltaigh cuid acu é go borb. Cé go raibh an chuid is mó de na bannaí seo imithe ag deireadh na mílaoise, maireann a dtionchar fós sa rac-cheol nua-aimseartha.

Bunús an fhocail cuir in eagar

Creidtear go dtagann an focal Béarla "grunge" ón aidiacht "grungy", béarlagair Meiriceánach a chiallaíonn "salach" nó "cáidheach". Glactar leis inniu gurb é Mark Arm (amhránaí le Green River agus níos déanaí Mudhoney) an chéad duine chun úsáid a bhaint as an focal chun cur síos a dhéanamh ar an saghas ceoil seo, agus é ag déanamh trácht ar cheol a bhanna mar "pure grunge" i litir a fhoilsíodh san iris Desperate Times. B'é Bruce Pavitt ó Sub Pop a chuir an téarma i mbéal an phobail go forleathan timpeall 1987-88, agus é ag díoladh ceoil Green River. Tar éis tamaill, thosaigh daoine ag tabhairt "grúinse" ar an seánra nua seo.

Tréithí cuir in eagar

Go minic, úsáidtear fuaim ghiotár atá salach le leibhéal ard saofa, agus aischothú ag teacht ó na haimplitheoirí. Athraítear fuaim an ghiotáir go tobann le troitheáin, cleas a ndéantar chun codarsnacht a cruthú. Cé go meascann grúinse punc-rac crua agus miotal trom le chéile, is minic a chuireann bannaí éagsúla an bhéim ar cheann amháin acu. Bíonn fuaim lom agus borb, mar atá sa phunc-rac, ach ar an taobh eile bíonn luas mall, armóiní díshondacha agus ionstraimíocht casta mar atá sa mhiotal trom.

Grúpaí mór le rá cuir in eagar

Seattle cuir in eagar

Taobh amuigh de Seattle cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. “grunge” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-12.