Gramadach na Laidine, mar an gcéann leis na teangacha Ind-Eorpacha ársa eile, infhillte go mór. Ciallaíonn sé seo go gceadaítear roinnt mhaith solúbthachta nuair a roghnaítear ord na bhfocal sa Laidin. Mar shampla, d'fhéadfadh femina togam texuit (d'fhigh an bhean toga), an t-ordú focal is fearr, a chur in iúl agus a léiriú mar texuit togam feminatogam texuit femina. Tugan iarmhír na bhfocal: -a,-am agus -uit, agus ní suíomh na bhfocal, le fios an fheidhm ghramadaí. Go ginearálta áfach, leanann ord na bhfocal an pharaidí seo a leanas; Ainmní-Cuspóir-Briathar, cé go bhfuil athruithe ar fáil go háirithe san fhilíocht le haghaidh difríochta grinnslítheacha a chur in iúl i bprós.

Priscian, nó an Ghramadach, caimeo marmair dar dáta 1437-1439 ó chloigtheach Fhlórans, an Iodáil, le Luca della Robbia. Is fáthchiall nó allagóire i gcomhair na gramadaí é an radharc agus trí impleacht an oideachais uile. Tabhair faoi deara an doras ar oscailt sa chúlra agus cosa nochta an chéid dalta.

Sa Laidin, bíonn foirmeacha faoi leith ag an ainmfhocal (agus ag an bhforainm) agus ag an aidiacht de réir na bhfeidhm a chomhlíonadar ins an abairt. Tuiseal a tugtar ar na foirmeacha seo. Díochlaonta a tugtar ar na tuisil go léir a bhíonn ag ainmfhocal nó ag aidiacht. Tá cúig díochlaonta agus ceithre réimniú na mbriathra sa Laidin. Níl aon alt sa Laidin agus mar sin go ginearálta ní bhíonn idirdhealú idir, mar shampla, cailín agus an cailín; freagraíonn an t-aonad comhréireach céanna díobh araon: ciallaíonn 'puella amat' 'gránn an cailín' agus 'gránn cailín' araon.

Úsáideann Laidin réamhfhocail, agus de ghnáth bíonn aidiachtaí curtha i ndiaidh na n-ainmfhocal. Is féidir leis an teanga, i gcásanna áirithe, forainmneacha a fhágáil ar lár chomh maith, rud a chiallaíonn go ginearálta gur féídir inscne, pearsa agus uimhir an ghníomhaí a aithint; is minice a choimeádtar forainmneacha le haghaidh cásanna nuair nach bhfuil brí iomlán soiléir i gceist. Taispeánann an Laidin 'frámú an bhriathair', ina bhfuil conair na gluaisne ionchódaithe isteach sa bhriathair; m.sh. ciallaíonn "exit" téann sé / sí amach; agus bíonn an Béarla, mar shampla, ag brath ar an réamhfhocal le haghaidh an eolais céanna a ionchódú .

A lán focal, ach mionlach díobh, a réimnítear, a díochlaontar, nó a chruthann céimeanna comparáide, ní chomhaontaíonn siad go beacht leis na gnáth-paraidímí. Tugtar focail neamhrialta orthu siúd, agus tugtar focail rialta orthu siúd a aontaíonn. De ghnáth, bíonn na focail a úsáidtear go minic neamhrialta. Bíonn foirmeacha neamhrialta de réimniú, díochlaonadh, nó foirmiú céimeanna comparáide inrianaithe go minic i leith na sanasaíocha chuig cumascadh focal a bhí neamhspleách roimhe.

Na Briathra cuir in eagar

Tá an tábhacht chéanna ag an mbriathar Laidine is atá ag an mbriathar Gaeilge san abairt. Bíonn foirmeacha réimnithe éagsúla ag gach briathar. Bíonn trí mhodh ag an mbriathar (táscach, ordaitheach, agus an foshuiteach), dhá fhaí (gníomhacha agus éighníomhach), dhá uimhir (uatha agus iolra), tri phearsa (an chéad, an dara agus an tríú); réimnítear iad i sé phríomh-aimsir (láithreach, gnáthchaite (neamhfhoirfe), foirfe, fáistineach, ollfhoirfe, agus sa todhchaí foirfe(future perfect),); bíonn an modh foshuiteach aici don aimsir láithreach, neamhfhoirfe nó ghnáthchaite, fháistineach, fhoirfe, agus ollfhoirfe. Tarlaíonn infinidigh agus rangabhálacha sna haimsirí seo a leanas láithreach, foirfe, fáistineach: agus bíonn an modh ordaithe i gcomhair na láithreac agus na fáistinigh aige.

Próiseas le haghaidh infhillidh na mbriathra is ea réimniú; Réimniú an t-ainm a ghlaoitear ar iomlán na bhfoirm a tugtar do bhriathar len a fheadhmanna éagsúla a chur i gcéill. Tá ceithre Réimnithe ann, iad dirdhealaithe de réir foirceann na n-infinideach -āre, -ēre, -ere, and -īre.

Aimsirí cuir in eagar

Tá 6 aimsir (Laidin: tempus) sa Laidin. Is iad sin:

  • Láithreach (Laidin: praesens): a dhéannn cur síos ar ghníomhaíochtaí atá ag tarlú ag am labhartha:
    Iompraíonn an sclábhaí (nó tá an sclábhaí ag iompair) an fíon abhaile.
servus vinum ad villam portat.


  • Gnáthchaite (Latin: imperfectum):a dhéanann cur síos ar ghníomhaíochtaí leanúnacha san am atá thart:
    D'iompraíodh an sclábhaí an fíon abhaile.
    servus vinum ad villam portabat.


  • Fáistineach (Laidin: futurum simplex):a dhéanann cur síos ar ghníomhaíochtaí a bheidh ar siúl sa todhchaí:
    Iompróidh an sclábhaí an fíon abhaile.
    servus vinum ad villam portabit.
  • Caite (Laidin:perfectum):) a dhéanann cur síos ar ghníomhaíochtaí atá curtha i gcrích ag an am i láthair:
    D'iompair an sclábhaí an fíon abhaile.
    servus vinum ad villam portavit.
  • Ollfhoirfe (Laidin:plusquamperfectum):a dhéanann cur síos ar ghníomhaíochtaí a tharla roimh gníomh eile san aimsir chaite: (Laidin: plusquamperfectum):
    Bhí an fíon iompraithe abhaile ag an sclábhaí.
    servus vinum ad villam portaverat.
  • Fáistineach Fhoirfe (Laidin:futurum exactum):a dhéanann cur síos ar ghníomhaíochtaí a bheidh críochnaithe am éigin amach anseo:
    (Roimh amárach,) beidh an fíon iompraithe abhaile ag an sclábhaí.
    servus vinum ad villam portaverit.

Modhanna cuir in eagar

Bíonn trí mhodh ag an mbriathar (táscach, ordaitheach, agus an foshuiteach) (Laidin:indicativus) servus vinum portat.