Feiste chun solas a athrú go díreach go dtí cumhacht leictreach, atá bunaithe ar an iarmhairt fhótaileictreach i gcomhchumair idir ábhair leathsheoltacha. I sileacan aonchriostalta, faightear éifeacht timpeall 14% (den ghrianchumhacht go dtí cumhacht leictreach), ach is costasach an t-ábhar seo. In ábhair eile, cosúil le hairsníd gearmáiniam agus sileacan dímhorfach, is lú an éifeacht ach is lú an bunchostas freisin. I gcill chiorclach sileacain, 10 cm ar trastomhas, gintear voltas aschuir 0.6 V agus cumhacht aschuir 0.4 W. Is féidir na cealla a cheangal i sraithcheangail is comhcheangail chun an voltas agus an chumhacht is mian a tháirgeadh. Tá grianchealla an-áisiúil chun cumhacht a sholáthar in áiteanna iargúlta: baoithe ar an bhfarraige agus satailítí amuigh sa spás, mar shampla.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Grianchill". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 331.