Grianghrafadóireacht dhaite

Atáirgeadh fótagrafach dathanna ó chlaonchló a thaifeadann na comhchodanna dearga, glasa is gorma den radharc ina gceann is ina gceann. Cruthaítear dearbhchló trí shuimiú (na híomhánna comhfhreagracha a theilgean, forluite ina ndathanna cuí) nó dealú (clóbhuailte i ndathanna comhlántacha, cian, maigeanta is buí).

„Stillleben“. Joly-Rasterplatte Format 95 mm×142 mm (1898)

Bhí ceamaraí a nocht 3 phláta ag an am céanna, trí scagairí dathanna is priosmaí léas-scoilte nó scátháin, á ndéanamh ó na 1880idí, agus clónna dealaithe tríd an bpróiseas carbro nó lí-aistriú. Ba chéim mhór ar aghaidh an tríphaca iomlánaithe, a rinne taifeadadh ar 3 chiseal fótagrafach difriúil ar comhbhonn agus a réaladh le cúplóirí dathanna.

Comhlacht Kodak a thug isteach an chéad cheann, Kodachrome, i 1935, agus thug Agfa ceann eile isteach i 1939. I 1949 thug Kodak ceann feabhsaithe isteach, Ektacolor, le mascoibreán sna claoneibleachtaí, rud a d'fheabhsaigh cáilíocht na ndathanna go mór sna clónna deireanacha. I dtríphacaí nua-aoiseacha, bíonn dhá nó 3 chumhdach difriúil ar gach ciseal dathíogair, rud a thugann íogaireacht ard le taifeach mín.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Grianghrafadóireacht dhaite". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 333.