Grianghrafadóireacht infridhearg

Íomháú fótagrafach a úsáideann tonnfhaid níos faide ná solas infheicthe. Baineann saighdiúirí feidhm as chun duaithníocht a bhrath, de bhrí go bhfrithchaitheann an chlóraifill i nduilliúr beo an solas infridhearg i bhfad níos láidre ná ábhair datha atá oiriúnaithe leis an duilliúr. Tá scannán ann le heibleacht ilchisealach agus ciseal atá íogair don infridhearg, a thugann dath bréagach (dearg nó maigeanta) don duilliúr. Úsáidtear an scannán seo in aerghrianghrafadóireacht freisin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Grianghrafadóireacht infridhearg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 333.