Grianghrafadóireacht steiréascópach

Scannáin thríthoiseacha (3-D), taifeadadh is taispeáint díseanna íomhánna chun dealramh soladachta is doimhneachta san íomhá a thabhairt don fhéachadóir. Sa bhunchóras a saothraíodh den chéad uair i 1845, déantar grianghraf den radharc le dhá cheamara agus na lionsaí 65 mm ó chéile (an gnáthfhad idir súile duine), agus breathnaítear ar na híomhánna trí ghaireas nach ligeann do gach leathshúil ach féachaint ar an taifead ón gceamara cuí. Táirgeann ceamara délionsach péire tréshoilseán daite, agus is féidir iad a thaispeáint do lucht féachana le dhá theilgeoir, scagaire polarúcháin ag gach ceann is iad suite ag dronuillinn óna chéile. Forshuitear an dá íomhá ar a chéile ar scáileán miotalaithe, agus caitheann an lucht féachana spéaclaí le lionsaí polarúcháin den déanamh céanna, ionas go bhfeiceann gach leathshúil an íomhá chuí. Mar an gcéanna a fheidhmíonn an chineamatagrafaíocht 3-D, ach gur íomhánna reatha a bhíonn i gceist. Tá modhanna atá bunaithe ar holagrafaíocht á saothrú chun íomhánna fosaithe is reatha a thaifeadadh, agus is tábhachtach iad i bhfeidhmeanna eolaíochta is teicniúla.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Grianghrafadóireacht steiréascópach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 333.