Guagán Barra

ionad daonra i gContae Chorcaí

Guagán Barra[1] (Béarla: Gougane Barra), nó carraig Bharra, in Iarthar Chorcaí in Éirinn.[2]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilGuagán Barra
Gougane Barra (en)
Guagán Barra (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 51°50′22″N 9°18′53″W / 51.8394°N 9.3148°W / 51.8394; -9.3148
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Laoi Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie108550

Stair cuir in eagar

Deirtear gur thóg Naomh Fionnbarra mainistir ar oileán (Oileán Bharra Naofa) sa loch anseo sa 6ú haois. De réir cosúlachta chaith sé seal ansin ina dhíthreabhach agus tharla eachtraí go leor dó.[3][4][5] (Tagann ainm an áit ó Naomh Fionnbarra[6]).[7]

Tá séipéal beag san áit anois a tógadh nuair a chuaigh an sagart Donchadh Ó Mathúna ar a theitheadh go dtí an ceantar iargúlta seo, thart fán bhliain 1700 nuair a bhí géarleanúint á dhéanamh ar Chaitlicigh na hÉireann.

Bhí Guagán Barra ina ionad tábhachtach oilithreachta in aimsir na bPéindlithe. Is ann a ceiliúradh an tAifreann ar feadh na mblianta nuair a bhí na sagairt ar a gcoimeád.

Sa bhliain 1938 cuireadh tús le scéim foraoiseachta. Tá páirc foraoise ann anois a mheallann cuid mhór cuairteoirí.

Béaloideas cuir in eagar

Tá 'Oileán agus Oileán Eile' ar cheann de na dánta is cáiliúla leis an bhfile Seán Ó Ríordáin - 'Tá Sasanach ag iascaireacht ar an loch, tá an fhírinne rólom ar an oileán.

Féach freisin cuir in eagar

Naomh Fionnbarra

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Guagán Barra/Gougane Barra | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Guagán Barra/Gougane Barra" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-09-25.
  3. Muscraí (2015-12-18). "Naomh Fionnbarra agus Gúgán Barra" (ga). Múscraí. Dáta rochtana: 2021-09-25.
  4. "Abhann na Laoi - Stories from the waterside" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-09-25.
  5. "Naomh Fionnbarra" (ga). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2021-09-25.
  6. Barra — ainm pearsanta (an naomh), agus guagán — foirm áitiúil de gabhagán < gabhag, 'scoilt i gcarraig'.
  7. Cork City Council. "Fionnbarra". Dáta rochtana: 2021.
  8. "DVDanna IGL" (en). University College Cork. Dáta rochtana: 2021-09-25.