Gaireas chun sféir mhicreascópacha óir atá clúdaithe le DNA—na piléir — a theilgean isteach i núicléis na gceall de chuid orgánaigh. Taobh istigh de núicléis na gceall, feidhmíonn an DNA nua seo chun na cealla a riaradh ar bhealach nua. I bprionsabal, is féidir na piléir a dhíriú ar chealla ar leith, agus mar sin beidh an gléas seo áisiúil chun galair ghéiniteacha a chóireáil, b'fhéidir. Beidh sé ar chumas dochtúirí othair le galair cosúil le galar Parkinson, SEIF, fiú ailse a chóireáil mar seo amach anseo. Uirlis san innealtóireacht ghéiniteach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Gunna géine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 337.