Modh saorga is ea haema-scagdhealú, chun fuíollábhair (cosúil le húiré is farasbarr salann) a bhaint as an bhfuil agus cealla na fola is na próitéiní a fhágáil inti. De ghnáth déanann na duáin an obair seo, agus mar sin is próiseas é a úsáidtear i gcás duine le duáin loite nó aicídeacha.

Infotaula equipament informàticHaema-scagdhealú
Croineolaíocht
Arna fhionnachtain agWillem Kolff

Ar dtús, meaisíní móra casta a bhíodh i gceist nach raibh le fáil ach san ospidéal faoi threoir dochtúra.

Ach tá siad i bhfad níos lú anois, ionas gur féidir iad a shuiteáil i mbaile othair.

Is é an próiseas haema-scagdhealaithe ná fuil a tharraingt go leanúnach ó fhéith an othair, a chaidéalú trí scannán de cheallafán ar leith, agus ansin a chur ar ais i bhféith an othair.

Idirleathann na móilíní beaga fuílligh trí phóireanna micreascópacha an cheallafáin sa mheaisín, agus fanann móilíní móra is cealla na fola ar an gcéad taobh. Ar an mbealach seo, dealaítear na fuíollábhair ón bhfuil.

Ní mór an próiseas a rith ar feadh 3-4 uair, suas go dtí 3 bhabhta gach seachtain, chun othar a choimeád slán. Uaireanta, cuireann an próiseas seo tús le hanaemacht, agus is gá í seo a chóireáil le heiritreapóitin.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Haemascagdhealú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 338.

Naisc sheachtracha cuir in eagar