An duine a bhfuil an Córán ar eolas aige de ghlanmheabhraíocht, tugtar hafiz air. Is mór an t-éacht creidimh é don Mhoslamach an leabhar naofa a fhoghlaim ó thús go deireadh mar seo.

Is é is brí leis an bhfocal hafiz ná garda nó cosantóir - cosantóir bhriathar Dé, mar sin. Creidtear go bhfuil na mílte, nó b'fhéidir na milliúin, acu ann. Bíonn, fiú, Moslamaigh atá dall ar fad ar an Araibis ag foghlaim an leagan Araibise den Chórán mar seo.