Is oilithreacht í an Hajj,[1] sa chathair Meice san Araib Shádach. Is í Meice an chathair is naofa in Ioslam. Tá al-Masjid al-Haram ("An Mosc Naofa") suite sa chathair, agus is é an áit is naofa ar domhan, de réir na Moslamach.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtHajj
Íomhá
Map
 21°25′21″N 39°49′34″E / 21.4225°N 39.82617°E / 21.4225; 39.82617
Cineáloilithreacht
Fard (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCúig cholún Ioslam Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Araib Shádach Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíMinistry of Hajj and Umrah (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
CríochphointeMeice, An Araib Shádach Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnIoslam Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisHajji (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Le cuid

Suíomh gréasáinhajinformation.com Cuir in eagar ar Wikidata

Mar sin, tá oilithreacht bhliantúil ann, an Hajj. Tá sé ar na cúig dhualgais reiligiúnacha atá ar gach Moslamach an Hajj a dhéanamh, uair amháin ar a laghad i saol an duine.

Hajj sa bhliain 1965

Féilire cuir in eagar

Tarlaíonn an Hajj i mí Du al-Hijja, an mhí dheireanach i bhféilire Ioslamach na gealaí.

Glacann na milliúin Moslamach páirt sa Hajj gach bliain. Áirítear an oilithreacht ar an slógadh is mó bliantúil de dhaoine ar domhan.

Tubaistí cuir in eagar

 
Kaaba, tús Hajj, 2008

Bíonn an Déardaoin ar an lá is contúirtí den Hajj gach bliain, mar go dtiteann sé ar Eid al-Adha, lá a maraíonn Moslamaigh caora agus de bharr go mbíonn an oiread sin oilithrigh ag marú na n-ainmhithe san aon áit amháin, ag an am céanna.

Ar an 24 Meán Fómhair 2015 maraíodh timpeall 2,500 duine[2] agus gortaíodh na céadta le teann brú nuair a thosaigh táinrith in aice Meice. Tharla an brú ar shráid "204" i gcampa sa chathair Mina, áit a bhfanann na hoilithrigh, cúpla míle soir ó Mheice.[3]

Dúirt an rialtas nach maraíodh ach 700, agus go raibh a locht fhéin ar roinnt oilithreach mar nár lean siad treoracha faoi mar ba cheart dóibh.[4]

Bhí fiosrúchán iomlán ordaithe ag Rí na hAraibe Sádaí, Salman, faoin mbealach a n-eagraítear an oilithreacht bhliantúil. Ach dúirt Rialtas na hIaráine gur chóir don Araib Shádach freagracht iomlán a ghlacadh as ar tharla.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. “hajj” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-23.
  2. "2015 Mina stampede" (as en) (2023-04-21). Wikipedia. 
  3. Nuacht RTÉ
  4. Nuacht RTÉ (2015-09-25). "Bainistiú na hoilithreachta Haj cosanta" (as ga).