Ailtire, péintéir agus innealtóir Ollannach de chuid na hAthbheochana ba ea Hans Vredeman de Vries (1527 – c. 1607). Tá iomrá air de bharr leabhair leis faoi dhearadh gairdíní a foilsíodh i 1583 agus leabhar eile faoi mhaisiú (1565) agus faoi pheirspictíocht (1604).

Infotaula de personaHans Vredeman de Vries

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1527
Ljouwert Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1607
79/80 bliana d'aois
Hamburg, is dócha Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ollainnis
Gníomhaíocht
Gairmpéintéir, ailtire tírdhreacha, ealaíontóir grafach, innealtóir comhraic, ailtire, innealtóir Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinnPaul Vredeman de Vries, Isaak van den Blocke agus Hendrik van Steenwijk I
TeangachaAn Ollainnis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáistePaul Vredeman de Vries, Salomon Vredeman de Vries, Jacob Vredeman Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínSebastiaen Vredeman

Beatha cuir in eagar

 
Críost i dTeach Mharta agus Mhuire, 1566

Rugadh Vredeman de Vries in Leeuwarden agus tógadh san Fhreaslainn é. I 1546 chuaigh sé chun Amstardam agus chun Kampen. I 1549 d’aistrigh sé cónaí go dtí Mechelen, mar a raibh an Chúirt Uachtarach ina suí. Bhí a dheartháir Debastien ina orgánaí san eaglais ann.

Dhear Vredeman de Vries ornáidí do mhórshiúlta de chuid Shéarlas V, an tImpire Naofa Rómhánach, agus Philib II na Spáinne. Rinne sé staidéar ar Vitruvius agus ar Sebastiano Serlio agus tháinig clú idirnáisiúnta air mar eolaí ar pheirspictíocht. Bhain sé Antuairp amach, mar ar ceapadh é mar ailtire na cathrach agus mar innealtóir daingnithe. D’éalaigh sé tar éis 1585 mar gur shealbhaigh na Spáinnigh an chathair agus gur ordaíodh do Phrotastúnaigh í a fhágáil i gceann dhá bhliain.

D’aistrigh Vredeman de Vries cónaí go dtí Frankfurt agus chuaigh i gceann oibre in Wolfenbüttel, mar ar dhear sé daingean agus leagan amach nua don chathair ar son Julius, Duke of Brunswick-Lüneburg. Cuireadh an tionscadal ar ceal tar éis bhás an Diúic agus chuaigh sé ag obair in Hamburg, in Danzig (1592), i bPrág (1596) agus in Amstardam (1600). Thagadh Hendrick Aerts agus a mhac féin Paul, beirt phéintéirí, ina chuideachta. Péintéir freisin ba a mhac eile Salomon.

Thug Vredeman de Vries iarracht ar phost a fháil in Ollscoil Leiden i 1604. Níl áit ná am a bháis ar eolas againn, ach tá tuairisc ar a mhac Paul a bheith in Hamburg nuair a thit an oidhreacht air.

Tagairtí cuir in eagar

  • “Vredeman de Vries, Hans”: Ciclipéid Winkler Prins, eagrán 8, 1975
  • Lombaerde, Piet (2005). Hans Vredeman de Vries and the "Artes Mechanicae" revisited. Brepols

Naisc sheachtracha cuir in eagar