Príomhchathair na Siombáibe í Harare. Tá daonra de timpeall milliún go leith duine sa chathair seo, lárionad riaracháin, tráchtála agus cumarsáide na tíre.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilHarare

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 17°49′45″S 31°03′08″E / 17.8292°S 31.0522°E / -17.8292; 31.0522
Stáitan tSiombáib
Province of Zimbabwe (en) AistrighHarare Province (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán2,150,000 (2012) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,238.18 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla960,600,000 m² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde1,492 m-1,494 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1890
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód4 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinhararecity.co.zw Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil - An tSiombáib- le Harare

Chuir fórsaí amhas faoi cheannas Cecil Rhodes an chathair ar bun sa bhliain 1890, agus tugadh Salisbury mar ainm uirthi, mar ómós do phríomhaire de chuid na Breataine. D'fhás an chathair mar lárionad tráchtála agus riarachán don choilíneacht ar ar tugadh Federation of Rhodesia and Nyasaland agus tá cuma ghrástúil shaibhir Eorpach ar lár na cathrach i gcónaí.

Tar éis neamhspleáchas a bhaint amach don tSiombáib, tugadh ainm nua don chathair, i gcuimhne ar thaoiseach de chuid na Shona. Le tamall de bhlianta anuas tá an tír agus a príomhchathair ag meath mar gheall ar dheachtóireacht Robert Mugabe.