Harvey Milk

Polaiteoir Meiriceánach a tháinig chun bheith ina mhairtíreach sa phobal aerach

Polaiteoir Meiriceánach ab ea Harvey Bernard Milk (22 Bealtaine 193027 Samhain 1978). Bhí sé ionad aige ar Bhord Mhaoirseoirí San Francisco, an chéad duine LADT a toghadh do oifig phoiblí i gCalifornia. Níorbh iad an pholaitíocht agus gníomhaíocht aerach na haon suim dá raibh aige: Bhí 40 bliana slánaithe aige sula ndeachaigh sé le ceachtar den dá rud. Chuaigh frithchultúr na seascaidí go háirithe i bhfeidhm air.

Infotaula de personaHarvey Milk

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Harvey Bernard Milk
22 Bealtaine 1930
Woodmere, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Samhain 1978
48 bliana d'aois
San Francisco, California Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnmharú (Tráma balaistíoch)
Áit adhlacthaSan Francisco Columbarium (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Giúdachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stáit Nua-Eabhrac, Albany
Bay Shore High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheSan Francisco
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmoifigeach cabhlaigh (1962–1964), gníomhaí ar son chearta an duine, polaiteoir, gníomhaí ar son cearta daoine LADT Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1951 –
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataCabhlach na Stát Aontaithe
Céim mhíleatalieutenant (junior grade) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCogadh na Cóiré
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0587548 IBDB: 84325
Musicbrainz: 4662d3ab-b38a-4701-87e7-65644a979142 Discogs: 334950 Find a Grave: 14119653 Cuir in eagar ar Wikidata

Chuir Milk 11 mhí isteach in oifig agus bhí sé freagrach as dhlí dhian i bhfeidhm le cearta LADT a chosaint sa chathair úd. Ar 27 Samhain 1978, d'fheallmharaigh Dan White Milk agus an Méara George Moscone. Maoirseoir eile de chuid San Francisco a bhí in White, a bhí i ndiaidh éirí as a phost ar bhord na cathrach agus a raibh teip ar a iarracht chun an post a fháil ar ais.

In ainneoin giorracht an ama a chaith sé in oifig, d'éirigh Milk ina íocón in San Francisco agus ina martíreach. Sa bhliain 2002, rinneadh cur síos ar Milk mar "an t-oifgeach LADT is cáiliúla agus is suntasaí dár toghadh riamh sna Stáit Aontaithe."[1]

Beathaisnéis cuir in eagar

Rugadh Milk in Woodmere, Queens, Nua-Eabhrac, do thuismitheoirí Giúdacha de shliocht Liotuánach. Bhíodh pháistí eile ag spochadh as go minic mar gheall ar a dhá mhórchluas, a shrón mhór agus na spága de chosa a bhí aige. D'imir sé peil Mheiriceánach ar scoil dó agus bhí dúil a anama aige sa cheoldráma. Thuig sé mar dhéagóir gur homaighnéasach é féin ach choimeád sé é sin i gceilt. D'fhreastail sé ar Ollscoil Stát Nua-Eabhrac in Albany agus bhain sé céim bhaitsléara amach sa Mhatamatic.

 
Harvey (ar dheis) agus a dheartháir sa bhliain 1934

Le linn Chogadh na Cóiré sna luath 1950idí, bhí ar seirbhís i gCabhlach na Stát Aontaithe ar bord an USS Kittiwake, fomhuireán, agus mar theagascóir tumadóireachta. I ndiaidh an chogaidh d'éirigh sé mór le cúpla fear eile agus d'oibrigh sé mar staitisteoir i gCathair Nua-Eabhrac. Chaith sé tamall in Dallas, Texas freisin, sular chuir sé faoi in San Francisco. Sa bhliain 1971 chuir seisean agus a chomrádaí siopa ceamaraí ar bun leis na $1,000 dollar deireannacha a bhí fágtha acu.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Smith and Haider-Markel, p. 204.

Naisc sheachtracha cuir in eagar