Scéal Henry Castide

(Athsheolta ó Henry Castide)

Henry Castide luaite sa tríú leabhar den chroinic mhór a scríobh an Francach Jean Froissart, staraí agus file (1337- tar éis 1404). Bhuail Froissart le Castide i Sasana i 1394 agus fuair eolas uaidh ar an tréimhse a chaith sé in Éirinn. Chaith Castide a óige in Éirinn agus bhí Gaeilge, Béarla agus Fraincis ar a thoil aige. Tugann a chuntas léargas suimiúil ar shaol na nGael ag an am agus ar an gcaidreamh idir Gaeil agus Angla-Normannaigh.

Infotaula de personaScéal Henry Castide
Beathaisnéis
Breith14 haois

Cuntas Castide cuir in eagar

Chuir Henry Castide agus Froissart aithne ar a chéile ag cúirt Risteard II Shasana i 1394, nuair a bhí Castide timpeall caoga bliain d’aois. Bhí Froissart ar lorg eolais ar an ionradh a rinne Risteard ar Éirinn an bhliain chéanna.

De réir thuairisc Froissart, dúirt Castide go raibh Éire ar na tíortha ba mheasa chun cogadh a fhearadh ann agus í chomh lán de choillte, de lochanna agus de phortaigh. Bhaineadh na hÉireannaigh leas as an sáreolas a bhí acu ar an tír chun an namhad a ionsaí de réir mar ba thoil leo. Nuair ba dhóigh leo nach mbeidís ábalta an namhaid a shárú scaipidís agus théidís i bhfolach i bhfálta, i dtoir agus faoi thír, i dtreo go dtéidís ó radharc ar fad ("quand ils voient qu’ils n’ont pas le plus bel d’aucunes rencontres qu’on leur sait, ils s’espartent & boutent en hayes & en buissons, & dedans terre : & les pert on ainsi : & ne sait on qu’ils deviennent").[1].

Chaith Castide a óige i measc na nGael, rud a d’fhág go raibh Gaeilge aige in éineacht le Fraincis agus Béarla, agus dúirt sé go raibh cion ag Iarla Urmhumhan air de bharr fheabhas a chuid marcaíochta ("je say parler leur langage, aussi bien que je say le François & l’Anglois, car de ma jeunesse je su nourri entr’eux, & le Comte Thomas d’Ormont, père de celuy qui est Comte presentement, me tenoit avecques luy, & moult m’aimoit, pource que bien je savoie chevaucher").[2]

Ghabh tiarna darbh ainm Brin (Brian) Costeret i gcath é agus chaith Castide seacht mbliana ina chuideachta. Phós sé iníon le Brian agus rugadh beirt iníonacha dóibh. Nuair a gabhadh Brian i gcath eile scaoileadh Castide saor. De réir an réitigh a rinneadh, d’fhill sé ar Shasana lena bhean chéile agus leis an iníon ab óige acu, agus d’fhan an iníon ba shine in Éirinn. Chuir siad fúthu i mBriostó. Faoin uair a bhuail Castide le Froissart bhí clann clainne aige i Sasana agus in Éirinn.

Dúirt Castide le Froissart gur lean sé air ag labhairt Gaeilge lena bhean agus gur labhraíodh sé le clann a chlainne í chomh mór agus ab fhéidir leis ("car tousiours je l’ay continué avecques ma femme, & m’introduy à l’apprendre à mes enfans, tant qu je puis").[3] D’iarr an Rí air béasa Sasanacha a mhúineadh do cheathrar taoiseach Éireannach a bhí tar éis dílseacht a thabhairt don Choróin, ach d’admhaigh Castide gur dheacair iad a scaradh ó nósanna a muintire.

Tionchar Froissart ar scéal Castide cuir in eagar

Tá rian na ngnáthchlaontuairimí Angla-Normannacha ar thuairisc Castide. Is garbh iad na críocha Gaelacha, tá a gcuid nósanna borb agus is fearr leis na Gaeil a gcuid príosúnach a mharú ná iad a ghabháil ina ngialla. Ar thaobh amháin de, ní dócha go raibh Castide aineolach ar fhíorbhunús an chultúir Ghaelaigh, na dlíthe dúchasacha agus an litríocht san áireamh.[4] Chomh maith leis sin, bhí gabhail na ngiall fite fuaite i nósanna cogaíochta na nGael.[5] Os a choinne sin, bhain idir Castide agus Froissard le cultúr Angla-Fhrancach a leag béim ar mhíne áirithe, rud a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar insint an scéil.

Nótaí cuir in eagar

  1. Froissart 1574, lch 185
  2. Froissart 1574, lch 186
  3. Froissart 1574, lch 187
  4. Nicholls, lgh 44-67, Caerwyn Williams & Ní Mhuiríosa, lgh 147-201.
  5. Is iomaí sampla de seo sna hannála, ar nós iontrála i dtaobh Bhriain Bhallaigh Uí Chonchubhair, taoiseach a ghabh Ruairí Ó Conchubhair i 1381 agus fuair airgead fuascailte dá bharr. Cathal mac Ruaidhri Uí Chonacobhair do ghabhail la Brian m-Ballach iar sin co crodha cosccrach i m-Beól an Tachair, & daoíne maithe immaille ris im Brian Ua m-Birn, & im Lochlainn Ua n-Ainlighe dia m-batar occ filleadh ó Chonmhaicne Dúin Móir, Brian da congbail aige i m-braighdenus co b-fuair a breth fein ó Ua c-Concobhair & go n-dernsat síth as a h-aithle. Annála na gCeithre Máistrí: http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html

Tagairtí cuir in eagar

Jean Froissart. Histoire et chronique memorable de Messire Iehan Froissart: reveu et corrige sus divers exemplaires, et suivant les bons auteurs. Michel Sonnius, 1574 [1]

W. Smith (ed.) (1839). Jean Froissart: The Chronicles of England, France, Spain: And the Adjoining Countries from the Latter Part of the Reign of Edward II. to the Coronation of Henry IV. Chapter LXIV. [2]

Caerwyn Williams, J.E. agus Ní Mhuiríosa, Máirín. Traidisiún Liteartha na nGael. An Clóchomhar Tta 1979

Lydon, James. Ireland in the later Middle Ages. Gill and MacMillan 1973.

Nicholls, Kenneth. Gaelic and Gaelicised Ireland in the Middle Ages. Gill and MacMillan 1972.