Ainm as Laidin Chlaisiceach is ea Hibernia a tugadh ar oileán na hÉireann.

True-colour Íomhá fíordhath d'Éirinn, tógtha ag satailít le NASA ar an 4ú Eanáir 2003. Feictear san oirthear Alba, Óileán Mannan, An Bhreatain Bheag agus cuid d'iardheisceart an tSasanna.

Is é *Īweriū an fhréamh Q-Celtic, as ar tháinig in am trátha na h-ainmneacha Gaeilge Ériu agus Éire.

Thug Pytheas, agus é ar turas in iarthuaisceart na hEorpa (c. 320 RC), an t-ainm Iérnē (Ἰέρνη) ar an oileán; agus thug Tolamaes, ina shaothar Geografaíocht (c. 150 AD), an t-ainm Iouerníā (Ἰουερνία) air.

Athraíodh an t-ainm i Laidin, faoi thionchar an fhocail hibernus, i leith is gur “tír an gheimhridh” a bhí ann, cé go raibh ī (i-fada) san fhocal úd.[1] Faightear Hibernia sa leabhar Agricola (c. 98 AD) leis an staraí Rómhánach, Tacitus.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar