Staid neamhbhuan, cosúil le támhnéal, is féidir a ionduchtú i nduine trí inmheabhrú. Sa staid seo is féidir feiniméin áirithe (athruithe cuimhne, inmheabhraitheacht mhéadaithe) a ionduchtú mar fhreagairt ar spreagthaí béil nó eile. Níl aon ghaol idir támhnéal hiopnóiseach agus codladh, ach bíonn cúngú freagairtí sa duine faoi hiopnóis. Níl sí iontaofa mar mhodh cóireála ar riochtaí. Baineann othair áirithe torthaí an-mhaithe aisti, ach ní bhaineann othair eile toradh ar bith. Baintear feidhm as hiopnóis chun iompair andúileacha a laghdú (mar shampla, caitheamh toitíní) agus imní a mhaolú. Mesmer sa bhFrainc a bhain feidhm aisti ar dtús, agus cheap an máinlia Briotanach James Braid (1795-1860) an téarma hiopnóis.[1]

Photographic Studies in Hypnosis, Abnormal Psychology (1938)

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Hiopnóis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 348.