Úsáid fiabhrais shaorga chun galar a chóireáil. Is féidir an fiabhras a ionduchtú le teas, hidriteiripe (le gal nó tumadh i bhfolcadh te), diaiteirme, nó instealladh le próitéiní coimhthíocha. De bhrí gur freagairt nádúrtha na colainne ar ionfhabhtú nó galar eile an fiabhras, samhlaítear go mb'fhéidir go mbeidh toradh fónta ar fhiabhras saorga. Is í an aidhm ná an teocht i gcroílár an colainne a choinneáil ag 40 °C ar feadh uaire, rud a mhéadaíonn tréscaoilteacht na gceall, a mhéadaíonn cuid de na freagairtí imdhíonacha, agus a chuireann le díothú ceall atá íogair don téamh (miocrorgánaigh ina measc). Is féidir go mbeidh a leithéid de theiripe baolach do pháistí is seandaoine, mar nach mbíonn meicníochtaí téagartha rialaithe teochta acu siúd, agus d'othair atá buailte le galair chairdiashoithíocha. Baineadh feidhm as an teiripe le haghaidh raon leathan riochtaí, ailse, SEIF, agus gortuithe spóirt ina measc.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarHipirteirme
Cineálhigh fever (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisintensive care medicine (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Aicmiú
ICD-9780.6 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0267934 agus 0155070 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB18924 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000056 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD000084462 Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Hipirteirme". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 348.