Is sampla fisiceach amháin (nó léaráid) d’orgánach é holaitíopa,[1] arb eol dó a bheith in úsáid nuair a rinneadh cur síos foirmiúil ar an speiceas (nó an tacsón íosrangaithe. Is é an sampla fisiceach amháin (nó an léiriú) den sórt sin é, nó ceann de roinnt mhaith den sórt sin, ach sainainmnithe mar an holaitíopa. Faoin Chód Idirnáisiúnta um Ainmníocht Zó-eolaíochta (CIAZ), tá holaitíopa ar cheann de na cineálacha éagsúla imthaca tíopaí. Sa Chód Ainmníochta Idirnáisiúnta d’algaí, fungais, agus plandaí (CIA) agus CIAZ, tá an rún céanna sna sainmhínithe ar thíopaí ach níl siad comhionann ó thaobh téarmaíochta nó bunchoincheapa de.

Holaitíopa le lipéad dearg ceangailte leis
Holotype de Marocaster coronatus, MHNT

Tagairtí cuir in eagar

  1. “holotype” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-07.