Is é atá i gceist leis an homafóibe ná an homaighnéasacht a ionsaí de dheasca eagla roimh agus mímhuiníne as an éagsúlacht. Ar bhonn níos leithne, is ionann hómafóibe agus fuath, naimhdeas, nó fiú dochar i leith daoine homaighnéasacha nó an béascna homaighnéasach; "tá sé in aghaidh an nádúir, nó mínádúrtha", a deirtear uaireanta.

Hómafóibe

Feictear homafóibe in aon áit nach bhfuil cearta ag duine aerach. Mothaítear homafóibe cibé áit a luaitear iad mar ghrúpa ar leith.[1] Cloistear homafóibe cibé áit a ainmnítear pósadh aerach mar aoir.

Sanasaíocht cuir in eagar

Ón Laidin agus ón Ghréigis a tháinig an focal homo "ὁμο", "ionann" agus "φοβία", fóibe nó "eagla".

 
Ionsaí sa bhliain 2009 i dTel Aviv

San Aontas Eorpach cuir in eagar

Ghlac Parlaimint na hEorpa rún sa bhliain 2005 lenar cáineadh an homafóibe agus an t-idirdhealú ar bhonn an treoshuímh ghnéasaigh. Faoi mar a taispeánadh le torthaí Shuirbhé an Eorabharaiméadair Iúil 2008 faoin Idirdhealú, measann breis is leathchuid de shaoránaigh an Aontais Eorpaigh, ar an meán, go bhfuil an t-idirdhealú ar fhorais an treoshuímh ghnéasaigh forleathan ina dtír.[2]

 
2006 sa Ríocht Aontaithe

I samhradh 2007 d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an Gníomhaireacht nuabhunaithe um Chearta Bunúsacha tuarascáil chomparáideach a fhorbairt lena gclúdófaí gach Ballstát den Aontas Eorpach maidir leis an scéal ó thaobh na homafóibe agus an idirdhealaithe ar bhonn an treoshuímh ghnéasaigh.

Caithfidh ceannairí polaitíochta seasamh láidir a ghlacadh i gcoinne na homafóibe agus an idirdhealaithe i gcoinne daoine LADT agus daoine tras-inscne,

In Éirinn cuir in eagar

De réir roinnt staidéar atá déanta tá cuid mhaith den mhaistíneacht scoile homafóbach.[3]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Panti agus an phraiseach a rinneadh di" (en-GB). College Tribune (2014-02-25). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-17. Dáta rochtana: 2019-05-17.
  2. Aontas Eorpach (Iúil 2008). "Discrimination in the European Union". Dáta rochtana: 2019.
  3. ecdrumcondra.ie. "Ábhair Acmhainní don Oideachas: An tSraith Shóisearach Gnéasachta". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-25.