Is éard is ian (ón tSean Ghreigis "ἰόν" = "rud a théann") ann ná adamhmóilín a chaill nó a ghnóthaigh fiúsleictreon amháin nó níos mó, agus fágtar an t-adamh nó an móilín luchtaithe dá réir sin.

Bosca Sonraí CáithnínIan
Rangúcáithnín luchtaithe agus molecular entity (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Léiriúchán ag taispeáint an poitéinseal leictreastatach d'iain níotráite (NO3). Tá níos lú fuinnimh ag na hachair le dath dearg i gcomparáid leo siúd le dath buí orthu.

Glaoitear ainian ar ian le lucht diúltach (ian diúltach), nuair atá níos mó leictreon ná prótón aige in a núicléas. Os a choinne sin, glaoitear caitian ar ian le lucht deimhneach (ian deimhneach), nuair atá níos lú leictreon ná prótón aige in a núicléas. Déantar idirdhealú idir iain aonadamhacha, a bhíonn comhdhéanta d'adamh amháin (m.sh. Cl -, Na+, Fe2+...) agus na hiain pholadhamhacha (m.sh. SO42 -, NO3 -...) a bhíonn comhdhéanta de níos mó ná adamh amháin.

Déanmhaíocht cuir in eagar

Déanmhaíocht ian aonadamhach agus poladmhach cuir in eagar

Is minic a cumtar iain aonadamhacha agus/nó iain pholadhamhacha nuair a nascann iain eiliminteacha lena chéile, a leithéid agus H+ le móilíní neodracha, nó nuair a gnóthaítear iain eiliminteacha ó mhóilíní neodracha

Sampla den tsaghas seo is ea an ian amóiniam NH4+ , a chruthaíonn amóinia NH3 nuair a ghlacann sí prótón, H+. Tá an méid chéanna prótón (H+) agus go bunúsach an chumraíocht chéanna freisin acu, cé go bhfuil prótónuimhireacha difriúla acu. Tá an prótón sa bhreis (H+) agus ní an suimiú nó an dealú leictreon freagracht as an lucht. Tá an t-idirdhealú seo idir leictreon a bhaint ón móilín iomlán tábhachtach i gcórais mhóra mar go hiondúil chruthaítear iain a bhíonn níos seasmhaí le leictreonscealla comhlánaithe. Mar shampla níl NH3+ seasmhach, toisc go bhfuil fiús-sceall neamhiomlán ag timpeallú nítrigin agus de réir sin is ianfhréamh é.

Poitéinseal ianúcháin cuir in eagar

Iain cuir in eagar

Plasma cuir in eagar

Feidhmiúcháin cuir in eagar

Iain dhiúltacha agus Aer-ianaitheoirí cuir in eagar

Iain choitianta cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar