Feiste chun iain a choinneáil i dtoirt ar leith is ea ianghaiste,[1] níos lú ná 1 cm ar leithead, trí fhuarú le léasair. Braitheann sé ar chóras réimsí leictreacha is maighnéadacha. Is féidir na hiain a sháinniú ina n-aonar nó i mbraislí chun gur féidir a n-airíonna a iniúchadh, cosúil leis na leibhéil fuinnimh, a réanna is a n-imoibrithe. I ngaiste Penning, bíonn réimse tairiseach leictreach is réimse athraitheach maighnéadach. I ngaiste Paul, bíonn réimsí athraitheacha leictreacha gan aon réimse maighnéadach.[2]

Ianghaiste a chuirfear isteach mar bhall de mhais-speictriméadar

Tagairtí cuir in eagar

  1. “ion trap” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-05.
  2. Hussey, Matt (2011). "Ianghaiste". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 358.