I reiligiún agus mhiotas na Sean-Róimhe, ba [[Liosta na na ndiachtaí Rómhánacha|dhia na dtús, na ngeataí, na n-athruithe, an ama, na dúbailteachta, agus na ndoirse é Ianus (Laidin: Iānus), [1] . De ghnáth, léiríodh é le dhá aghaidh aige, ós rud é go mbreathnaíonn sé ar an todhchaí agus ar an am a chuaigh thart. Meastar, de ghnáth, go bhfuil mí Eanáir  ainmnithe as Ianus (Ianuarius),[2] , ach d'almanag na bhfeirmeoirí ón tSean-Róimh, ba é Iúnó pátrún na míosa.[3]

Íomhánna éagsúla Ianuais ó 'L'antiquité expliquée et représentée en figures', le Bernard de Montfaucon

Bhíodh Ianus i gceannas ag tús agus i ndeireadh aighnis, agus dá réir sin, cogadh agus síocháin. Bhíodh doirse teampaill Ianuis ar oscailt in am cogaidh, agus dúnta chun na síochána a cheiliúradh. Mar dhia na n-athruithe, bhí feidhmeanna aige faoi bhreith agus faoi turais agus faoi mhalartú, agus ina chumann le Portunus, den chineál céanna de chuan agus túsdia, bhí baint aige le taisteal, trádáil agus loingseoireacht.

Ní raibh flamen nó  sagart (sacerdos) speisialaithe ar bith tugtha do Ianus, ach rinne Rí na nDeasghnátha Naofa (rex sacrorum) é féin a chuid searmanais. Bhí uileláithreach ag Ianus i searmanais reiligiúnacha i rith na bliana, agus guíodh air de réir deasghnátha ag tús gach ceann acu, beag beann ar an phríomh-diacht a bheadh i gceist ag aon ócáid faoi leith.

Ní raibh a mhacasamhail agus Ianus ag na Sean-Ghréagaigh a mhaigh na Rómhánaigh mar dhia sainiúil bainteach leo amháin.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Varro apud Augustine De Civitate Dei VII 9 and 3; Servius Aen.
  2. Forsythe, Time in Roman Religion, p. 14.
  3. H.H. Scullard, Festivals and Ceremonies of the Roman Republic (Cornell University Press, 1981), p. 51.