Sa tsíceolaíocht, tugtar iar-réasúnú ar iarracht an duine cúiseanna nó siocracha loighiciúla ciallmhara a lua le gníomh nó le creideamh a bhfuil cúiseanna eile leis, agus náire ar an duine na fíorchúiseanna sin a admháil go hoscailte. Ceann de mheicníochtaí cosanta an anama atá ann.