Iarann gan ach rian de charbón ann. D'úsáideadh an gabha é tráth, ach cruach is mó a úsáidtear inniu. Leáitear muciarann le rian d'ocsaíd iarainn chun an chuid is mó den charbón a bhaint as. De réir mar a thagann an t-iarann le bheith níos íne, ardaíonn an leáphointe agus laghdaíonn a shilteacht. Corraítear é, agus baintear amach cairn as an bhfóirnéis is oibrítear le casúr é chun an tslaig a bhaint de. Ach fanann cuid bheag den tslaig mar chuimsiúcháin shnáithíneacha istigh ann. Ní briocht é i gcomparáid le hiarann teilgthe. Rinneadh Túr Eiffel as. Úsáidtear in oibreacha maisiúla é.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Iarann saoirsithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 358.