Príomhtháirge an fhoirnéis soinneáin, iarann le timpeall 4% carbóin (garbhiarann). Leáphointe réasúnta íseal aige, agus glacann sé cruth an mhúnla go réasúnta nuair a reonn sé. Mar sin, is maith é chun teilgthe, ach is gá é a íonú nó a mhionathrú chun earraí a dhéanamh as. Is féidir é a mheaisíniú go maith freisin, ach tá míbhuntáistí suntasacha aige, go bhfuil sé briosc agus neart inteannta íseal aige. Is féidir é a chóireáil chun foirm na gcuimsiúcháin carbóin a mhionathrú agus iarann sféaróideach teilgthe le hairíonna feabhsaithe a tháirgeadh. San am atá thart d'úsáidtí iarann teilgthe mar ábhar tógála mar go bhfuil neart comhbhrúite an-ard aige.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Iarann teilgthe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 358.