Is veirteabrach uisceach é an t-iasc agus is grúpa orgánach parai-fíléiteach, comhdhéanta de gach ainmhí atá ina gheolbhach uisceach (nó Craniata) gan ghéaga le méara é. Go hiondúil, bíonn éisc fuarfhuilteach, clúdaithe le gainní agus bíonn roinnt eití orthu freisin. Aimsítear éisc go fairsing i bhfionnuisce agus i sáile.

Anatamaíocht Éisc cuir in eagar

 
Anatamaíocht Lampanyctodes hectoris
(1) - clúidín geolbhaigh, (2) - líne an taoibh, (3) - eite an droma, (4) - eite rabhar, (5) - sealgóg, (6) - eite eireabaill, (7) - eite anasach, (8) - fótafóir, (9) - eití peilbheacha (péire), (10) - eití uchtacha (péire)

An córas riospráide cuir in eagar

Malartaíonn éisc gáis tríd geolbhaigh - orgáin atá suite ar an dá thaobh den fharaing. Tá na geolbhaigh comhdhéanta de struchtúir snáitheanna ar a dtugtar filiméid. Tá méid mór ribeadáin i ngach filiméad agus is tríothu seo a mhalartaítear an ocsaigin agus an dé-ocsaíd charbóin. Éiríonn leis na héisc an próiseas seo a chur i bhfeidhm trí uisce (lán le ocsaigin) a tharraingt trína gcuid béil agus é a bhrú thar filiméid a ngeolbhach.

Liosta speiceas comónta cuir in eagar

Sáile cuir in eagar

Fíoruisce cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar