Ball de chlann mhór iasc atá forleathan cois cladaigh i bhfarraigí trópaiceacha is theo-mheasartha. Tá ball Eorpach a fhaightear ón Iorua go dtí an Mheánmhuir, ar nó faoi dhríodar gainimh nó mionduirlinge. Suas le 30 cm ar fhad. An cholainn réasúnta leata. Na heití peilbheacha leathan; an eite droma stríocach gorm, buí ar an bhfireannach. Oscailtí beaga geolbhach ar bharr an chinn. Na súile starraiceach.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoIascán nimhe
Callionymidae Cuir in eagar ar Wikidata

Synchiropus splendidus Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeActinopteri
OrdSyngnathiformes
FineCallionymidae Cuir in eagar ar Wikidata
Bonaparte, 1832

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Iascán nimhe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 362.