Gabhar storrúil tréadúil fiáin is sea an t-ibeach.[1][2][3]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoIbeach
Capra Cuir in eagar ar Wikidata

Capra ibex Cuir in eagar ar Wikidata  
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeMammalia
OrdArtiodactyla
FineBovidae
FofhineCaprinae
GéineasCapra Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Tréithe cuir in eagar

  • Gabhar toirtiúil trom é seo a mbíonn airde 85-100 cm ag an ngualainn ann[4].
  • Donn, donnghlas, nó liath a bhíonn an fionnadh cé gur éadroime dath an bhoilg. Fionnadh aondathach a bhíonn ar an aghaidh.
  • Adharca móra a bhíonn ar an bpocán a lúbann siar[5]. Bíonn iomairí suntasacha orthu ar an dromchla leata tosaigh. Is lú adharca na minsí (minseach).

Speicis cuir in eagar

  • Ibeach na hÁise nó ibeach na Sibéire (Capra sibirica): ina chónaí i sléibhte na hÁise Láir agus in Iarthuaisceart na Himiléithe.
  • Ibeach Alpach (Capra ibex): faightear sna hAlpa é agus i réigiúin sléibhtiúla eile san Eoraip.
  • Ibeach Ibéarach nó an t-ibeach Spáinneach (Capra pyrenaica): thart ar 50,000 ina gcónaí i sléibhte Leithinis na hIbéire, na Piréiní, agus i ndeisceart na Fraince.
  • Ibeach Núibiach (Capra nubiana): ina chónaí sa Meánoirthear, an tSúdáin, agus an Éigipt.
  • Ibeach Aetópach (Capra walie): faightear i sléibhte na hAetóipe é
  • Fiaghabhar nó ibeach Iarthar na hÁise (Capra aegagrus): sinsear an ghabhair cheansaithe, ina chónaí sa Tuirc agus Sléibhte Chugais san iarthar, go dtí an Tuircméanastáin, an Afganastáin agus an Phacastáin san oirthear.
 
an t-ibeach Ibéarach, San Diego

Gnáthóg cuir in eagar

Sna hAIpa, i sléibhte Tatra na Slóvaíce agus i sléibhte na Spáinne a bhíonn an t-ibeach le fáil. Cónaíonn sé ag airde an tsíorshneachta ar shléibhte na hÁise freisin.

Bíonn an t-ibeach aclaí cosdaingean ar thalamh géar dochach. Ina dtréada beaga a bhíonn na minseacha lena meannáin. Is nós leis na pocáin a bheith ina n-aonar.

Féar, toir bheaga, léicin, etc. a itheann an tIbeach. I sléibhte arda a chuireann sé faoi níos faide suas ná an seamaí go híondúil.

Seamaí (chamois). cuir in eagar

Sa Chréit agus in oileáin eile de chuid na Gréige, faightear fiaghabhair a bhfuil an-dealramh acu leis an Ibeach. Is éadroime an fiaghabhar agus fionnadh breac a bhíonn air. Cruth bíse a bhíonn ar a adharca go minic.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Fréamh an Eolais is ainm don chiclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta a chuir an tOllamh Matthew Hussey le chéile agus a d'fhoilsigh an chuideachta Coiscéim sa bhliain 2011.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “ibex — Aistriúchán Gaeilge ar ibex (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-01-25.
  3. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): ibeach” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-01-25.
  4. Eolaí Póca – Mamaigh, le Eleanor Lawrence (An Gúm Curtha i gcartlann 2020-08-13 ar an Wayback Machine) ISBN 185791161X.
  5. adharca cruinne i dtrasghearradh ach ciorclaithe le sceireacha, garbh fada, cuartha siar