Déanann an téarma ilchultúrachas[1] cur síos ar shochaí ina bhfuil níos mó ná grúpa eitneach amháin nó grúpa cultúrtha amháin ina gcónaí le chéile. Is féidir an téarma a úsáid i gcás ceantair ar leith a bhfuil traidisiúin chultúrtha éagsúla ann, taobh le taobh (mar shampla Nua-Eabhrac, Londain, nó Páras), nó i gcás stáit iomlána (mar shampla an Eilvéis, an Bheilg, nó an Rúis). Is minic a chuirtear béim ar an ngaol idir grúpaí bundúchasacha agus grúpaí eitneacha de shliocht coilíneach.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “multi-culturalism” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-07.
  2. Gasimova, Narmina (15 Nollaig 2022). "Multiculturalism as the main philosophical concept in the social development of modern society" (as az). Metafizika 5 (4): 77–87. ISSN 2616-6879. OCLC 1117709579. Dáta rochtana: 14 Deireadh Fómhair 2022.