Is baile é Ilford atá suite sa bhuirg Redbridge, Londain Thoir. Fadó, lonnaíocht bheag tuaithe i gContae Essex ab ea Ilford ach mar thoradh ar a suíomh straitéiseach ar abhainn Roding agus ar an mbóthar idir Londain agus Colchester, d'fhás sé. Cuireadh luas leis an bhforbairt seo le teacht an iarnróid sa bhliain 1839, agus le fás na mbruachbhailte i gceantar Londan sa 20ú haois, mhéadaigh an daonra go suntasach. Is cuid de chathair Londan é Ilford ón bhliain 1965 i leith.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilIlford

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 51°33′27″N 0°05′09″E / 51.5575°N 0.0858°E / 51.5575; 0.0858
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheSasana
Réigiún ShasanaLondain
Contae searmanais ShasanaLondain Mhór
Buirg LondanLondon Borough of Redbridge Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Tíreolaíocht
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Roding Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le

Logainmníocht cuir in eagar

Tá Ilford luaite i Leabhar Domesday ón bhliain 1086 mar Ilefort agus ciallaíonn sé sin ná áth thar an Hyle; seanainm an abhainn Roding a chiallíonn "silín sruth".

Bunús cuir in eagar

 
Ilford High Road

Bhí an blaosc mamat iomláin amháin san Ríocht Aontaithe aimsithe in 1860 ar an suíomh atá Boots an Poitigéir ann anois ar an High Road. Is féidir an blaosc a fheiceàil i Músaem Stair an Dúlra. Scriosadh athfhorbairt formhór na fianaisí den luath-Ilford, ach is na fianaisí is sine lonnaíocht daonna an 1ú agus 2ú aois RC créfort Iarannaois é, Uphall Camp, mar atá aithne air. Ba suite é idir an abhainn Roding agus Ilford Lane is é luaite i bpleananna 18ú haois. Aimsíodh déantáin Rómhánach sa cheantar.

Forbraíocht gheilleagrach cuir in eagar

Bhí Ilford ar an mbóthar tábhachtach Londain go Colchester. Mar thoradh an Abhainn Roding, d'fhéadfadh báirsí a theacht an fhad leis Droichead Ilford as 1737. Áfach, d'fhan Ilford faoin tuaith den chuid is mó go dtí an 19ú haois. Nuair a d'oscail an stáisiún iarnórd in 1839, sroich tionscail nua sa cheantar, san áireamh an scannán fótagrafach agus déantúsóir ceimiceach, Ilford Photo (bunaithe 1879) agus an comhlacht raidió, leictreonaic agus teileachumarsáid, Plessey (bunaithe 1979). Bhí Plesseys damáistithe go trom i rith an Dara Cogadh Domhanda, ach in 1955 d'fhostaigh an comhlacht 15,000 oibrithe ar fud Ilford.

Borradh bruachbhailteach cuir in eagar

 
Leabharlann

Sráidbhaile de chaoga tithe ab ea Ilford sa bhliain 1653, an formhór i dtuaisceart agus i ndeisceart de Broadway agus áit tuaithe den chuid is mó a bhí ann. Bhí daonra de 1,724 ag Ilford sa bhliain 1801 agus d'fhás sé go 3,742 sa bhliain 1841. Bhí daonra de 41,244 aige sa bhliain 1901, a mhéadaigh go 184,706 sa bhliain 1947, de thoradh 2,500 tithe a bheith tógtha ag Comhairle Contae Londain. Bhí daonra de 178,024 aige sa bhliain 1961.

Tagairtí cuir in eagar