Saghas luasaire cáithníní ina luasghéaraitear cáithníní fo-adamhacha go dtí luas gar do luas an tsolais. agus a ndéantar iad a imbhualadh i gcoinne cáithníní eile atá faoi ghluaisne den saghas céanna sa treo eile. Mar thoradh ar an imbhualadh seo, cruthaítear fo-cháithníní eile, agus déantar na táirgí seo a iniúchadh. Modh oibre chun struchtúr fonúicléach adamh a thástáil is ea é. De réir mar a mhéadaítear fad an bhealaigh ina luasghéaraítear na cáithníní, is amhlaidh is mó a luas is a bhfuinneamh imbhuailte, agus is líonmhaire na táirgí a fhaightear. Tá an t-imbhuailteoir is mó ar Domhan ag CERN sa Ghinéiv, mar a bhfuil córas ciorclach de thrastomhas 27 km ina ndéantar leictreoin a imbhualadh i gcoinne posatrón. Tá córas ar a dtugtar Tevatron i bhFermilab in Illinois Mheiriceá, agus is ciorclach an chonair ann le trastomhas 6.4 km. I Stanford Mheiriceá tá luasaire líneach 3.2 km ar fhad le lúb chiorclach ag ceann amháin de.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Imbhuailteoir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 364.