Imoibriú ceimiceach ina gcuimsíonn an toradh na hadaimh uile as na himoibreáin uile. Mar shampla, sa pholaiméiriú suimithe chun polaiteitiléin a dhéanamh, suimítear monaiméir i ndiaidh monaiméire mar a bheadh coirníní ar bhraisléad, agus gach adamh den mhonaiméir mar dhlúthchuid den pholaiméir líneach. Aducht a thugtar ar thoradh a leithéid seo imoibrithe.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Imoibriú suimithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 366.