Is éard is in-atáirgtheacht ann ná cé chomh gar is atá an comhaontú idir torthaí tomhais an tomhasán céanna a rinneadh leis an modheolaíocht chéanna a ndéantar cur síos uirthi san fhianaise eolaíoch chomhfhreagrach (m.sh. foilseachán in iris piarmheasúnaithe). Is féidir in-atáirgtheacht a chur i bhfeidhm freisin faoi choinníollacha athraithe an tomhais maidir leis an tomhasán céanna — chun a chinntiú nach déantán na nósanna imeachta tomhais iad na torthaí.

Coincheap gaolmhar is ea athdhéanamh, sé sin, a bheith in ann conclúidí neamh-chomhionanna atá comhchosúil ar a laghad a bhaint amach, nuair a d'fhéadfadh difríochtaí i sampláil, nósanna imeachta taighde agus modhanna anailíse sonraí a bheith ann.[1] Is iad in-atáirgtheacht agus athdhéanamh le chéile atá i measc na bpríomh-uirlisí sa mhodh eolaíochta. Mar sin féin, tá éagsúlachtaí móra idir na léirithe coincréiteacha a bhaineann leis an modh eolaíochta i ndisciplíní taighde agus i réimsí staidéir.  Ábhar tábhachtach is ea an staidéar a dhéantar ar in-atáirgtheacht sa mheiteolaíocht.[2]


Tagairtí cuir in eagar

  1. Leek, Jeffrey T (February 10, 2015). "Reproducible research can still be wrong: Adopting a prevention approach". Proceedings of the National Academy of Sciences of the United States of America 112 (6): 1645–1646. doi:10.1073/pnas.1421412111. PMID 25670866. Bibcode2015PNAS..112.1645L. 
  2. Munafò, Marcus (29 March 2017). "Metascience: Reproducibility blues" (as en). Nature 543 (7647): 619–620. doi:10.1038/543619a.