Is úrscéal de chuid Thomas Pynchon é Inherent Vice (Gaeilge: Duáilce Fhréimhíochta) a tháinig amach in 2009.

Teideal cuir in eagar

Is téarma sa Bhéarla é "inherent vice" a chiallaíonn fabht sa rud a chuireann an rud féin chun meatha.

Achoimhre ar an bPlota cuir in eagar

Tá an scéal ann in Los Angeles in 1970. Is ar Larry "Doc" Sportello (príomhcharachtar an úrscéil agus bleachtaire príomháideach) a thagann Shasta Fay Hepworth (a sheanchailín) cuairt. Insíonn sí do Doc faoina stócach nua, Mickey Wolfmann, forbróir réadmhaoine atá an-saibhir agus pósta, agus faoin gcomhcheilg a chothaigh a bhean chéile agus an stócach aicise chun Mickey a fhuadach agus a chur i dteach na ngealt. Tá ar Doc ina dhiaidh sin a thosú ag fiosrú, go háirithe tar éis imeacht Mickey as amharc.

Ar fud an scéil, bítear ag insint do Doc: "Fainic ar an Starrfhiacail Óir!"

Athchóiriú Scannáin cuir in eagar

Rinneadh scannán de in 2014 arbh é Paul Thomas Anderson a stiúrthóir.