Inis Córthaidh

baile i gContae Loch Garman

Baile i lár thuaisceart Chontae Loch Garman í Inis Córthaidh.[1] Tá daonra timpeall 11,000 ann. Tá an baile suite ar an Sláine, agus tá dhá dhroichead thar an abhainn sa bhaile. Tugtar Paróiste Naomh Seanan ar an dtaobh thoir den bhaile. Tá sé an dara baile is mó i gContae Loch Garman.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilInis Córthaidh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°30′07″N 6°33′57″W / 52.502064°N 6.565876°W / 52.502064; -6.565876
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Loch Garman Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde60 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie52445

Iompar cuir in eagar

Tá seirbhís rialta báid ón mBreatain Bheag agus ón bhFrainc go Ros Láir i ndeisceart an chontae, timpeall 25 ciliméadar ón mbaile. Tá líne traenach as Baile Átha Cliath a leanann go Ros Láir, a oscail ar 16 Deireadh Fómhair 1863.[2]

Ritheann an N11 (párt den bóthair Eoraipeach E1).

Gnó cuir in eagar

Tá tábhacht ag cur agus baint sútha talún i gContae Loch Garman, go háirithe timpeall Inis Córthaidh, maille le biatas siúicre, cruithneacht, eorna, agus tógáil eallach agus ba bhainne.

In Inis Córthaidh a thosaigh Grúdlann Letts, agus tugadh athshaol don bheor sin i riocht Killians sna 1990í. Bhíodh monarcha sceanra uair lámh leis an mbaile, agus tá gnó beag déanta potaí le plandáil fós ann. Tá monarcha doirse adhmaid Premium International, a thosaigh sna 1970í, fós ar an mbaile.

Stair cuir in eagar

Caisleáin Inis Córthaidh cuir in eagar

 
An Caisleán in Inis Córthaidh, Co. Loch Garman

Tá caisleán i lár an bhaile, ar atógáil de chaisleán Normannach é don chuid is mó. Deirtear gur chum Edmund Spenser cuid den Faery Queene an fhaid a bhí cónaí air sa bhaile. Inniu is músaeim é an caisleán, ach dún sé i 2007 agus osclófaidh sé arís i samhradh 2009.

Cnoc Fíodh na gCaor cuir in eagar

Bhí Inis Córthaidh páirteach in Éirí Amach 1798, agus troideadh Cath Chnoc Fíodh na gCaor lámh leis an mbaile.

 
Radharc ar Inis Córthaidh ó mhullach Chnoc Fíodh na gCaor

Scoileanna cuir in eagar

  • Scoil Naomh Aodáin
  • Scoil Naomh Sheanan
  • Scoil Naomh Mhuire
  • Gaelscoil Inis Córthaidh
  • Scoil Speisialta Naomh Pádraig
  • Coláiste Bríde
  • CBS Inis Córthaidh
  • Meánscoil Garman

Tagairtí cuir in eagar

  1. Inis Córthaidh/Enniscorthy | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Enniscorthy station". Railscot - Irish Railways. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-26. Dáta rochtana: 2009-08-02.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar