Innéacs Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí (boilsciú)

Tomhaistear rátaí boilscithe ar an leibhéal náisiúnta san Aontas Eorpach[1] agus ar leibhéal an limistéir euro leis an Innéacs Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí (ICPT nó HICP, Harmonised Index of Consumer Prices),[2] Tá staidreamh praghsanna ardchaighdeáin agus inchomparáide riachtanach dóibh siúd atá freagrach as beartas poiblí san Aontas, do thaighdeoirí agus do shaoránaigh uile AE.[3]

ICPT, 1991-2021
Tá an ICPT ríofa agus foilsithe ag Eurostat

Áireamh cuir in eagar

Tá an ICPT ar leibhéal an limistéir euro ríofa agus foilsithe ag Eurostat,[3] oifig staidrimh an Choimisiúin Eorpaigh. Ní chuimsítear athruithe ar bith ar phraghsanna na dtithe arna gceannach ag teaghlaigh nó ar tháirgí eile a cheannaíonn teaghlaigh in ICPT. Lena chois sin, ní chuimsítear sonraí in ICPT maidir le támhshuanaigh; cearrbhachas; árachas saoil ... nó striapachas fiú.[3]

In Éirinn, tá ualú an ICPT Éireannach bunaithe go mór ar thorthaí an tSuirbhé Buiséid Teaghlaigh, a dhéanann an Brainse gach cúig bliana.[4]

Úsáid cuir in eagar

Úsáideann an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach an t–innéacs chun cobhsaíocht praghsanna a mheasúnú i dtíortha AE agus sa limistéar euro. Is é an ICPT - nó na hathróga - an tomhas ar phraghsanna a úsáideann an Chomhairle Rialaithe den Bhanc Ceannais Eorpach chun measúnú a dhéanamh ar chobhsaíocht praghsanna i limistéar an euro.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar