Inneall dócháin inmheánaigh

Is é an t-inneall dócháin inmheánaigh (Pléascinneall an focal bunaidh a bhí air i nGaeilge) an t-inneall comhbhuailteach is coitianta i ngluaisteáin.

ciogal ceithre bhuille (nó ciogal Otto)
1. instealladh
2. comhbhrú
3. cumhacht
4. sceitheadh

Stair cuir in eagar

Tá an t-inneall bunaithe ar chiogal Otto nó ciogal Diesel ina ndóitear breosla chun an fuinneamh tiomána a sholáthar[1]. Ba iad beirt Ghearmánach, Nikolaus Otto agus Rudolf Diesel, a dhréachtaigh an t-inneall ceithre bhuille. Soláthraítear fuinneamh tiomána le breosla a dhó san inneall.

Oibriú cuir in eagar

Tá cuasán san inneall le loine inghluaiste. Instealltar meascán indóite sa chuasán, adhantar le spréach leictreach é agus dóitear de phléasc é. Ansin forbraíonn an gás sa chuasán, gluaiseann an loine amach, baintear an meascán ídithe gáis amach as agus gluaiseann an loine isteach arís.

Déantar an ciogal seo arís is arís eile.

Fís montáiste innill dócháin inmheánaigh, ar siúil i Rollag, Minnesota.

In inneall dhá bhuille, gluaiseann an loine isteach is amach uair amháin i ngach ciogal den imoibriú sa chuasán;

in inneall 4 bhuille, gluaiseann sí isteach is amach dhá uair i gciogal amháin an imoibrithe sa chuasán, de bhrí go nglantar an gás ídithe amach as an gcuasán sa dara leath den timthriall.

San inneall peitril, adhantar an meascán de pheitreal is aer (le hocsaigin ann) le spréach sa spréachbheama.

In inneall díosail, brúitear an meascán ag an loine sa chuasán an oiread sin go dtéitear a dhóthain é chun é a adhaint. Faightear cumhacht ón inneall ó ghluaiseacht na loine a úsáidtear chun rothaí a thiomáint.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)