Inneall dócháin sheachtraigh ina ngintear an sreabhán feidhmithe (an ghal) i gcoire taobh amuigh den inneall. Treoraítear an ghal isteach i gcuasán an innill le comhla, agus de réir mar a fhorbraíonn sí, cuireann sí brú ar loine. Tiomáineann an loine an cromsheafta chun rothlaithe lena slat. Ligtear an ghal amach as an gcuasán ansin le comhla sceite, filleann an loine ar a bunphointe, agus tosaíonn an timthriall arís. Is féidir obair áisiúil a fháil ón inneall seo, traein a thiomáint leis mar chuid den traein, nó meaisíní i monarcha a thiomáint le hinneall fosaithe.[1]

Inneall gaile Boulton & Watt ón mbliain 1817. Baineadh úsáid as i gceárta iarainn M. W. Grazebrook, i Netherton, Sasana, ach aistríodh é go dtí an suíomh seo ar an A38(M) in Birmingham.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Inneall gaile". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 369.