Inneall insteallta dhírigh

Inneall dócháin inmheánaigh a fheidhmíonn ar thimthriall Diesel. Instealltar an breosla sa chuasán dócháin a chruthaítear sa sorcóir idir barr na loine is bun cheann an tsorcóra. Sorcóir neamhroinnte dócháin amháin a bhíonn anseo, ní hionann is an córas le sorcóir roinnte dócháin, ina measctar an t-aer is an breosla i seomra amháin agus a ndéantar an dóchán i seomra beag eile atá ceangailte leis.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Inneall insteallta dhírigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 369.