Claonadh neamhfhoghlamtha i nduine (nó ainmhí eile) é féin a iompar ar bhealach áirithe, den chuid is mó mar fhreagairt ar spreagthaí ar leith, agus é cosúil le freagairtí daoine (ainmhithe) den ghrúpa céanna (den aois is an gnéas céanna, mar shampla). Ní gá go mbeidh aon chleachtadh beatha ar leith ag duine (ainmhí) chun go dtarlóidh na freagairtí seo. Eiseamláir mhaith is ea na léirithe suirí a bhíonn ag an-chuid gnéithe.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Instinn". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 372.