Is cineál amhráin é iomann,[1] a chantar de ghnáth chun dia nó déithe a mholadh nó a adhradh. Tagann an focal iomann ón tSean-Ghréigis ὕμνος a chiallaíonn “amhrán molta”.

Cé gur i gcomhthéacs na Críostaíochta is mó a bhfuil eolas ar iomainn in Éirinn, is gné de reiligiúin dhomhanda eile iad chomh maith, go háirithe i bhfo-ilchríoch na hIndia (stotra). Tháinig roinnt iomann anuas ón gcianaois, go háirithe ó chultúir na hÉigipte agus na Gréige. Is iomainn le téacsanna Gréigise iad cuid de na samplaí is sine de nodaireacht an cheoil.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: iomann” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2024-04-03.