Iomasachas (matamaitic)

teoiric i bhfealsúnacht na matamaitice

Sa mhatamaitic, teoiric de chuid an mhatamaiticeora Ollanaigh Luitzen Egbertus Jan Brouwer (1881-1966) a dhéanann cothromaíocht idir an rud is féidir a chruthú agus an fhírinne. D'ionsaigh a mhodh oibre bunúis loighciúla na matamaitice. Mar mhalairt, thairg sé go raibh an mhatamaitic bunaithe ar raon tógálacha meabhracha, rialaithe ag dlíthe atá follasach iontu féin. Ba shuntasach a shaothar i bhforbairt na toipeolaíochta.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Iomasachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 374.