Planda trópaiceach féithleannach le fréamhacha tiúbracha inite stáirseacha. Suas le 60 speiceas tábhachtach mar bhia in oirdheisceart na hÁise, iarthar na hAfraice agus Meiriceá Theas. Is féidir na fréamhacha a fhiuchadh, a bhácáil, a mheilt ina bplúr, nó a thabhairt do stoc. Le blianta anuas tá speicis ar leith tagtha le bheith tábhachtach mar fhoinse ceimiceáin, cosúil le stéaróideach i bhfrithghiniúnaigh béil.[1]

Dioscorea sp.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ionam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 375.