B'irisleabhar Gaeilge é Irisleabhar na Gaedhilge, a bhíodh á fhoilsiú ón mbliain 1882 go dtí 1909. Bhí sé ina thréimhseachán tábhachtach do lucht Athbheochan na Gaeilge sa tréimhse roimh bhunú Shaorstát Éireann. Bunaíodh an t-irisleabhar seo ag lucht Aondacht na Gaedhilge, eagraíocht a bunaíodh sa bhliain 1880. Conradh na Gaeilge a bhí freagrach as an bhfoilseachán i ndiaidh 1884.

Infotaula de publicacions periòdiquesIrisleabhar na Gaedhilge
Cineálnuachtán
Cárta innéacs
TeangaBéarla
Am tosaigh1882 Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirConradh na Gaeilge

I measc na scríbhneoirí a bhíodh ag scríobh ann bhí Pádraig Mac Piarais, Dubhghlas de hÍde, An tAthair Peadar Ua Laoghaire, Úna Ní Fhaircheallaigh, An tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh agus Eoin Mac Néill. I measc na n-ábhar a foilsíodh bhí filíocht, gearrscéalta, stair, béaloideas, amhráin, léirmheasanna leabhar, dinnseanchas, seanfhocail, ábhar d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus cur síos ar obair Chonradh na Gaeilge.

Eagarthóirí cuir in eagar


Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar